Banner Background
News

News

Back To News

Coill na nÓg Níos mó ná 10,000 Crann Dúchasach le Cur Ag Scoileanna ar fud na hÉireann le tacaíocht ó eFlow

eFlow

Is feachtas crainn agus fálta sceach dúchasach é Coill na nÓg, a chiallaíonn foraois na bpáistí i nGaeilge, do scoileanna ar fud na hÉireann. Tá comhpháirtíocht 3 bliana ag eFlow ina gcuirfear breis is 10,000 crann ar thailte scoile ar fud na hÉireann.

Tá eFlow, oibreoirí dolaí gan bhacainn ar mhótharbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, tar éis dul i gcompháirtíocht leis an bhfiontar sóisialta ‘Bithéagsúlacht i Scoileanna’ chun tacú leis an tionscnamh ‘Coill na nÓg’ i gceann de na tionscadail plandaithe crann is mó in Éirinn.

Tá an tionscnamh oscailte do gach naíonra, bunscoil agus iarbhunscoil ar fud Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Cuirfear acmhainní ar fáil do scoileanna rathúla agus tacófar leo le mol ar líne. Tá gach scoil ar fud na hÉireann á spreagadh freisin dul amuigh faoin aer an fómhar/geimhreadh seo agus a gcuid coillearnacha agus fálta sceach áitiúla a fhiosrú. Roinnfidh trí scoil amháracha a roinnfidh a gcuid eachtraí ar na meáin shóisialta ciste seomra ranga lasmuigh ar fiú €12,000 é.

Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt Mark Nolan, Stiúrthóir Bhithéagsúlacht i Scoileanna: “Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh deis ag ár ndaoine óga ár gcrainn agus fálta sceach iontacha a fhiosrú. Tá sé ríthábhachtach mar sin go mbeadh na hacmhainní seo ag scoileanna ar a dtailte mar uirlis oideachais, gan trácht ar an mbuntáiste don bhithéagsúlacht. Táimid fíorbuíoch as comhpháirtíocht eFlow ar an tionscadal seo a léiríonn ceannaireacht gnólachtaí maidir le cabhrú leis an mbithéagsúlacht”.

Ag labhairt di faoin seoladh, dúirt Roisin Barton Murray, Bainisteoir Faisnéise Poiblí eFlow de chuid Bhonneagar Iompair Éireann Tá fíoráthas orainn urraíocht a dhéanamh ar an tionscnamh seo, chun daltaí a chumasú chun crainn agus fálta sceach a chur, agus foghlaim faoina dtimpeallacht áitiúil. Trí thacú leis an gclár seo, ní hamháin go bhfuil eFlow ag infheistiú sa chomhshaol ach sa chéad ghlúin eile de mhaoir chomhshaoil chomh maith”.

Is féidir le scoileanna ar spéis leo páirt a ghlacadh clárú ar biodiversityinschools.com/coill-na-nog