
Mol Slándála eFlow
Calaois & Slándáil ar Líne
Tá calaois agus sceamálacha ag éirí níos coitianta, agus níos casta. Tá sceamálaithe ag díriú ar dhaoine as ar fud na tíre trí théacsanna calaoiseacha a sheoladh chucu a bhfuil an chuma orthu gur eFlow atá á seoladh.
Is é an aidhm atá le Mol Slándála eFlow feasacht ar iarrachtaí sceamála a chruthú agus eolas a roinnt lenár gcustaiméirí ionas go mbeidh siad níos eolaí ar sceamálacha.
Ní sheolann eFlow téacsteachtaireachtaí a bhfuil naisc iontu chuig custaiméirí.
Samplaí sceamála
Tá calaoiseoirí ag seoladh teachtaireachtaí téacs chuig daoine ar fud na tíre ag maíomh gur ó eFlow iad. Is gnách go gcuireann na teachtaireachtaí seo tuin práinne in iúl, ag iarraidh ar an bhfaighteoir cliceáil ar nasc agus gníomhú ar an bpointe.
I measc na ngníomhartha tipiciúla tá dola a íoc nó glacadh le téarmaí agus coinníollacha nua. Ní sheolann eFlow naisc i dteachtaireachtaí téacs. Má fhaigheann tú ceann, scrios láithreach é. Níor cuireadh as don chóras eFlow nó níor tharla sárú sonraí.
Seo thíos roinnt samplaí de na teachtaireachtaí scam is coitianta atá feicthe againn agus láithreáin ghréasáin calaoise a chruthaigh caimiléirí:
Calaois Teileafóin
Is í calaois teileafóin ceann de na bealaí is coitianta a úsáideann sceamálaithe chun díriú ar íospartaigh phoitéinsiúla trí theagmháil a dhéanamh leo trí théacs teileafóin agus ligean orthu go bhfuil siad ag obair d’eagraíocht iontaofa cosúil le banc, soláthraí seirbhíse nó comhlacht rialtais. I rith an chomhrá nó na téacsteachtaireachta, lorgóidh an sceamálaí faisnéis phearsanta, airgeadais nó slándála ionas gur féidir leis idirbheart airgeadais a dhéanamh.
Beidh an chuma ar an scéal go bhfuil práinn ag baint leis an ábhar atá luaite sa téacs, beidh focail cosúil le “fíoraigh”, “nuashonraigh”, “athghníomhachtaigh” do chuntais sa téacs. Uaireanta cuirtear in iúl i sceamálacha gur theip ar íocaíocht nó go bhfuil táille dola le híoc, rud nach mór a dhéanamh láithreach. Ní thabharfaidh sceamálaithe mórán ama duit chun ciall a bhaint as an téacs nó chun bunús na ceiste a cheistiú.
B’fhéidir go mbeadh nasc le fáil i roinnt téacsanna sceamála a íoslódálfaidh bogearraí mailíseacha ar do ghléas nuair a chliceáiltear orthu. Úsáidfidh an sceamálaí an fhaisnéis a bhailítear chun airgead a ghoid ó do chuntas bainc.
Cé go bhfuil sceamálacha reatha dírithe ar theachtaireachtaí téacs, féadfaidh caimiléir glaoch a chur ort freisin ag maíomh gur ó eFlow iad ag cur in iúl duit faoi dhola neamhíoctha, píonóis a bhaineann le haistear dola, sonraí íocaíochta éagtha nó fionraí cuntais. Ní dhéanfaidh eFlow teagmháil dhíreach leat trí ghlao teileafóin nó téacs riamh chun faisnéis phearsanta a dheimhniú nó a nuashonrú.
Má fhaigheann tú nasc amhrasach, tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán chuig https://report.netcraft.com.
Is cuideachta cibearshlándála é Netcraft a sholáthraíonn seirbhísí slándála idirlín agus a chabhraíonn le heagraíochtaí agus daoine aonair iad féin a chosaint i gcoinne bagairtí ar líne, bogearraí mailíseacha, agus saincheisteanna cibearshlándála eile.
D’fhonn a chinntiú go mbeidh tú níos airdeallaí agus níos eolaí ar sceamálacha smaoinigh ar na leideanna thíos:
- Bí airdeallach ar ghlaonna teileafóin nó teachtaireachtaí glórphoist gan iarraidh.
- Ná cuir faisnéis phearsanta ar fáil riamh mura ndeimhníonn tú gur ionadaí oifigiúil ón eagraíocht é an cainteoir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
a) Taifead uimhir an ghlaoiteora agus inis dó go nglaofaidh tú ar ais air nuair a bheidh an uimhir fíoraithe agat.
b) Cuardaigh uimhir theileafóin na heagraíochta agus bailíochtaigh an uimhir sin.
c) Ná glaoigh ar an uimhir a cuireadh ar fáil de bhrí go mb’fhéidir gur uimhir bhréagach atá ann.
d) Má tá an glaoiteoir macánta, tuigfidh sé an méid sin agus beidh sé sásta fanacht chun freagra a fháil uait. - Ná freagair téacsanna a bhfuil faisnéis airgeadais á lorg acu.
- B’fhéidir go mbeadh faisnéis phearsanta ag calaoiseoirí fút (ainm, seoladh, Éirchód) chun bob a bhualadh ort agus chun ligean orthu go bhfuil siad macánta. Ná glac leis go bhfuil siad macánta de bhrí go bhfuil na sonraí seo ar eolas acu.
- Is féidir leat aitheantas an ghlaoiteora a sheiceáil go neamhspleách trí ghlaoch ar an uimhir ar líne theileafóin eile.
- Ní lorgóidh eFlow faisnéis phearsanta riamh nó sonraí íocaíochta trí théacs nó glao teileafóin.
Bí sábháilte agus ná cliceáil gan smaoineamh!
Foclóir sceamála
Baineann caimiléirí úsáid as teicnící éagsúla chun cleas a imirt ar dhaoine chun faisnéis phearsanta a thabhairt ar láimh chun rochtain a fháil ar a n-airgeadas pearsanta. Tá an téarmaíocht maidir leis an gcineál seo calaoise ag athrú i gcónaí. Anseo thíos tá liosta de na téarmaí calaoise agus slándála ar cheart duit a bheith ar an eolas fúthu.
Frithvíreas
Bogearraí cruthaithe chun víris agus foirmeacha eile de bhogearraí mailíseacha a bhrath, a chosc agus a dhíothú, chun cabhrú le daoine sceamálacha a sheachaint.
Cibirionsaí
larrachtaí mailíseacha a bhfuil sé mar aidhm leo dochar a dhéanamh do agus cur isteach ar chórais ríomhaireachta, líonraí nó gléasanna trí chibirionsaithe.
Cibearshlándáil
Cosaint gléasanna, seirbhísí agus líonraí, mar aon leis an bhfaisnéis atá le fáil iontu a chosaint, i gcoinne gadaíochta nó damáiste.
Haiceáil sonraí
Uaireanta tugtar sárú sonraí nó sárú slándála sonraí air seo freisin, agus is éard atá i gceist rochtain, sealbhú nó nochtadh neamhúdaraithe faisnéis phearsanta atá stóráilte ar chóras, líonra nó bunachar sonraí ríomhaire. Áirítear ann ionradh beartaithe nó neamhbheartaithe i mbearta slándála córais, á dhéanamh ag haiceálaithe nó ag cibearchoirpigh, rud is cúis le sonraí pearsanta, airgeadais nó sonraí íogaire eile a chur i gcontúirt.
Bogearraí mailíseacha
Is éard atá i gceist le bogearraí mailíseacha aon chlár nó comhad atá deartha chun dochar a dhéanamh do ríomhaire, líonra nó freastalaí. Tá cineálacha éagsúla bogearraí mailíseacha ann lena n-áirítear víris ríomhaire, péisteanna, Traígh, bogearraí éirice agus earraí spiaireachta. Glacann na ríomhchláir dhochracha seo páirt i ngníomhaíochtaí cosúil le goid, criptiú nó scriosadh sonraí íogaire; oibríochtaí criticiúla ríomhaireachta a ionramháil nó a rialú; agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí úsáideoirí ríomhairí.
Fíordheimhniú ilfhachtóra
Modh fíordheimhnithe a fhiafraíonn d’úsáideoirí dhá fhachtóir fíoraithe nó níos mó a chur ar fáil chun a gcuntas a mheas, cosúil le cód sé litir a seoladh chuig do theileafón póca nó seoladh ríomhphoist a chur isteach chun a dheimhniú go bhfuil tú ag logáil isteach.
Fioscaireacht
Rabharta ríomhphost seolta chuig roinnt daoine aonair gan díriú orthu go sonrach, ag lorg faisnéis íogair (cosúil le sonraí bainc) nó á mealladh chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin góchumtha.
Atreorú mailíseach
nuair a úsáideann sceamálaithe bogearraí mailíseacha chun tú a atreorú chuig a suíomh gréasáin sceamála ainneoin gur thug tú cuairt ar an suíomh gréasáin ceart.
Smioscaireacht
SMS a bhfuil an chuma air atá seolta ag banc nó eagraíocht dhlisteanach, ag fiafraí d’úsáideoirí cliceáil ar nasc calaoiseach chun faisnéis phearsanta a nochtadh.
Bogearraí éirice
Ríomhchlár mailíseach a dhíchumasaíonn do ríomhaire agus a éilíonn táille chun an fhadhb a dheisiú.
Traíoch
Bogearraí mailíseacha ceilte laistigh de shonraí neamhdhochracha a bhfuil an chuma orthu gur gnáth-ríomhchláir iad. Nuair a ghníomhachtaítear iad, is féidir leis na bogearraí faisnéis a rochtain ar do thiomántán crua agus sonraí pearsanta a sheoladh chuig haiceálaithe.
Glaoscaireacht
Cleachtas mealltach ina ndéantar glaonna teileafóin nó ina bhfágtar teachtaireachtaí gutha ag déanamh aithris ar chuideachtaí iontaofa, agus é mar aidhm dallamullóg a chur ar dhaoine aonair chun faisnéis phearsanta a roinnt cosúil le sonraí bainc agus uimhreacha cárta creidmheasa.
Víreas
Ríomhchláir atá in ann féinmhacasamhlú agus atá deartha chun ríomhchláir nó córais bogearraí dhlisteanacha a ionfhabhtú. Glactar leo mar shamplaí de bhogearraí mailíseacha.
Calaois Ríomhphoist
Tá calaois agus sceamálacha fós i réim, agus leanann caimiléirí orthu ag díriú ar úsáideoirí bóithre chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus airgeadais. Tá eFlow ar an eolas faoi ríomhphoist amhrasacha a spreagann custaiméirí chun dolaí agus fíneálacha gan íoc a íoc. Ní sheolfaidh eFlow aon naisc chugat le haghaidh íocaíochta trí ríomhphost.
Tuigimid gur féidir ríomhphost faoi íocaíocht dola a bheith ina chúis imní duit. Mura ndearna tú teagmháil le eFlow le déanaí agus má fhaigheann tú ríomhphost uainn, cuimhnigh chun Stop, Iarr, agus Deimhnigh gur ó eFlow an ríomhphost. Tá roinnt leideanna curtha san áireamh againn thíos chun cabhrú leat a bheith san airdeall ar sceamálacha.
Stop
Má fhaigheann tú ríomhphost le nasc ó eFlow, sula ngníomhaíonn tú déan cinnte na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Tóg cúpla nóiméad chun an ríomhphost a léamh go hiomlán.
- Ná cliceáil ar naisc ar bith.
- Seiceáil an ndearna tú teagmháil le eFlow le déanaí.
Iarr
Spreagfaidh ríomhphost calaoiseach tú chun gníomhú trí phionóis, dolaí neamhíoctha agus athruithe ar do chuntas a lua. Má fhaigheann tú ríomhphost gan iarraidh ó eFlow déan cinnte na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:
- An ndearna mé teagmháil le eFlow le déanaí?
- An bhfuil na sonraí i gceart (m.sh. sonraí m’fheithicle, mo thurais, mo chuntais)?
- Ar thiomáin mé trí dhola an M50 le déanaí?
- An bhfuil an nasc ó eflow.ie?
- An bhfuil cuma dhlisteanach ar sheoladh ríomhphoist an tseoltóra?
Deimhnigh
Má cheapann tú go bhfuil ríomhphost amhrasach faighte agat, molaimid duit:
- Logáil isteach i do chuntas eFlow ag eflow.ie chun a dheimhniú go bhfuil na sonraí go léir i gceart, is é sin sonraí d’fheithicle, do thurais, agus do chuntais.
- Mura bhfuil cuntas eFlow agat, déan teagmháil linn le do thoil ar cheann dár mbealaí cumarsáide anseo chun a fhíorú go bhfuil an ríomhphost dlisteanach.
Cuimhnigh fanacht ar an eolas faoi chalaois agus Stop, Iarr, agus Deimhnigh an bhfuil sé dlisteanach. Féach an sampla thíos le do thoil de ríomhphost calaoiseach atá i gcúrsaíocht.

Conas sceamálacha a aithint
De bhrí go bhfuil sceamálacha níos coitianta anois ná riamh roimhe seo uaireanta ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir teachtaireachtaí calaoiseacha agus teachtaireachtaí iontaofa. Tá liosta de na dea-chleachtais a bhaineann le sceamálacha a shainaithint curtha i dtoll a chéile againn chun cabhrú leat a bheith níos airdeallaí ar sceamálacha.
- Bí airdeallach ar theachtaireachtaí gan iarraidh: Má fhaigheann tú SMS nó ríomhphost gan choinne ó sheoltóir neamhaithnid nó seoltóir nach mbíonn tú ag idirghníomhú leis de ghnáth, bí cúramach.
Fíoraigh aitheantas an tseoltóra: Déan iniúchadh cúramach ar sheoladh ríomhphoist an tseoltóra chun an fearann nó na téacsanna a fhaightear ó uimhir theagmhála anaithnid a sheiceáil.Go minic, úsáideann sceamálaithe seoltaí ríomhphoist nó uimhreacha teileafóin atá athraithe beagán chun aithris a dhéanamh ar sheoltaí nó uimhreacha cearta. Seiceáil le haghaidh aon neamhréir nó athrú amhrasach.
Bí airdeallach ar iarratais phráinneacha: Go minic, cuireann sceamálaithe in iúl nach mór rudaí a dhéanamh ar bhonn práinne chun brú a chur ort gníomhú láithreach gan machnamh cúramach a dhéanamh. Bí airdeallach ar theachtaireachtaí a éilíonn freagairtí práinneacha nó a bhagraíonn iarmhairtí diúltacha mura ndéanann tú rudaí áirithe.
- Tabhair aird ar URLanna amhrasacha: Bog do chúrsóir os cionn nasc i ríomhphoist chun féachaint ar an URL cuí sula gcliceálann tú air. Cinntigh go meaitseálann an URL an suíomh gréasáin nó eagraíocht ábhartha. Bí airdeallach ar URLanna giorraithe nó URLanna a bhfuil cuma neamhghnách nó aisteach orthu. Má thugann tú URL amhrasach faoi deara, tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán chuig https://report.netcraft.com.
Is cuideachta cibearshlándála é Netcraft a sholáthraíonn seirbhísí slándála idirlín agus a chabhraíonn le heagraíochtaí agus daoine aonair iad féin a chosaint i gcoinne bagairtí ar líne, bogearraí mailíseacha, agus saincheisteanna cibearshlándála eile.
- Bí amhrasach maidir le hiarratais ar fhaisnéis phearsanta: Go ginearálta, ní lorgaíonn eagraíochtaí dlisteanacha faisnéis phearsanta nó airgeadais trí theachtaireachtaí gan choinne. Bí airdeallach ar theachtaireachtaí a lorgaíonn sonraí íogaire cosúil le pasfhocail, Uimhr PPS nó sonraí bainc.
- Cuardaigh brandáil oifigiúil agus faisnéis teagmhála: Go minic, áirítear i dteachtaireachtaí dlisteanacha ó chuideachtaí iontaofa brandáil chomhsheasmhach, lógónna cuideachta agus faisnéis teagmhála bheacht. Má tá an chuma ar scéal nach bhfuil gach rud i gceart nó ar neamhréir, b’fhéidir gur sceamáil atá ann.
- Déan an rud a shíleann tú atá ceart: Má shíleann tú go bhfuil rud éigin mícheart nó nach bhféadfadh rud éigin a bheith fíor, déan an rogha cheart. Go minic úsáideann sceamálaithe bealaí éagsúla chun dul i bhfeidhm ar mhothúcháin, fiosracht a mhúscailt nó dreasachtaí airgid a thairiscint.
- Cinntigh go bhfuil an t-eolas is déanaí maidir le sceamálacha coitianta agat: Bí eolach ar theicnící agus bealaí coitianta sceamála. Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi na sceamálacha is déanaí i do réigiún agus bí airdeallach ar rudaí coitianta. Féach ar na téacsteachtaireachtaí sceamála eFlow is coitianta anseo.
- Inis do do chairde agus teaghlach: Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach tú féin a chosaint, tá sé tábhachtach cabhrú le daoine eile freisin. Is féidir leat na leideanna seo a roinnt le do chairde agus teaghlach lena chinntiú go bhfuil níos mó daoine eolach ar an méid atá ag tarlú.
Ná déan dearmad, tá sé riachtanach a bheith airdeallach i gcónaí agus barántúlacht teachtaireachtaí a fhíorú roimh aon rud a dhéanamh nó roimh aon fhaisnéis phearsanta a roinnt.
Eolas Tábhachtach
- Ní fhiafrófar de chustaiméirí naisc a oscailt chun sonraí íocaíochta a dheimhniú.
- Ní sheolfaidh sé SMS maidir le híocaíocht theipthe nó pionóis gan íoc.
- Ní fhiafrófar de chustaiméirí faisnéis íocaíochta a chur ar fáil trí chliceáil ar nasc.
- Tá suíomhanna Ghréasáin bhréige curtha le chéile ag scaimiléirí a dhéanann aithris ar shuíomh Gréasáin eFlow.
- De ghnáth treoraíonn na teachtaireachtaí an faighteoir nasc a leanúint chuig áit ina ordaitear dó gníomh práinneach a dhéanamh.
- Is féidir le héinne, fiú amháin custaiméirí eFlow, na scamtheachtaireachtaí scam seo a fháil.
- Má fhaigheann tú téacs a bhfuil an chuma air gur eFlow a sheol é ina bhfuil nasc, ná cliceáil air. Tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán ar https://report.netcraft.com.
- Má chliceáil tú ar nasc amhrasach, déan teagmháil le do bhanc láithreach.
- Íoc suimeanna dola gan íoc go díreach ar ár láithreán gréasáin, trí ghlaoch a chur ar ár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí nó ag aon ionad díola Payzone.
- Bí cúramach faoi theachtaireachtaí gan iarraidh. Is minic a úsáideann na scaimiléirí a leithéid teachtaireachtaí le haghaidh faisnéis phearsanta a fháil.
- Más cosúil go bhfuil rud éigin ann atá amhrasach nó ró-mhaith le bheith fíor, is dócha gur a leithéid an cás.. Bí cúramach i gcónaí agus iarr comhairle trí theagmháil a dhéanamh linn mura bhfuil tú cinnte.
- Déan céannacht an tseoltóraa fhíorú. Is minic a dhéanann scaimiléirí aithris ar ghnólachtaí nó ar eagraíochtaí dlisteanacha. Déan iniúchadh cúramach ar sheoladh ríomhphoist an tseoltóra chun an fearann nó na téacsanna a fhaightear ó uimhir theagmhála anaithnid a sheiceáil.
Tá eFlow ar an eolas faoi ríomhphoist amhrasacha a spreagann custaiméirí chun dolaí agus fíneálacha gan íoc a íoc. Má fhaigheann tú ríomhphoist dén sórt sin, déan na nithe seo a leanas le do thoil:
- Deimhnigh go bhfuil an seoltóir ó fhearann ríomhphoist eflow.ie.
- Ná cliceáil ar naisc ar bith.
- Seiceáil an ndearna tú teagmháil le eFlow le déanaí.
- Déan teagmháil linn trí úsáid a bhaint as ceann dár mbealaí cumarsáide anseo, chun an ríomhphost a fhíorú.
Bí cinnte Stop, Iarr, agus Deimhnigh an bhfuil an ríomhphost dlisteanach.
- Is éard atá i gceist le smioscaireacht meascán den fhocal SMS agus fioscaireacht. Is cineál sceamála atá ann – Is éard atá ann ná an cleachtas calaoiseach teachtaireachtaí téacs a sheoladh ag ligean orthu gur cuideachtaí creidiúnacha iad d’fhonn faisnéis phearsanta daoine aonair a fháil, amhail pasfhocail nó uimhreacha cárta creidmheasa.
- Cuirtear in iúl sa téacsteachtaireacht gur ó fhoinse iontaofa a seoladh í, do bhanc, soláthraí seirbhíse cosúil le eFlow nó comhlacht rialtais mar shampla.
- Tá sé deacair iad seo a thabhairt faoi deara de bhrí go scríobhtar iad í stíl cosúil le stíl na heagraíochta agus go bhféadfaidís a bheith le feiceáil laistigh de shnáithe teachtaireachtaí a fhaightear ón eagraíocht.
Ní sheolann eFlow téacsteachtaireachtaí a bhfuil naisc iontu chuig custaiméirí.
Seo thíos roinnt samplaí de na teachtaireachtaí scam is coitianta atá feicthe againn agus láithreáin ghréasáin calaoise a chruthaigh caimiléirí:


Má fuair tú téacs a bhfuil an chuma air gur eFlow a sheol é ina bhfuil nasc, ná cliceáil air, tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán chuig https://report.netcraft.com.
Is cuideachta cibearshlándála é Netcraft a sholáthraíonn seirbhísí slándála idirlín agus a chabhraíonn le heagraíochtaí agus daoine aonair iad féin a chosaint i gcoinne bagairtí ar líne, bogearraí mailíseacha, agus saincheisteanna cibearshlándála eile.