Gradam an Innealtóra Óig STEPS 2024 de chuid Cumann na n-Innealtóirí buaite ag Scoil Náisiúnta Naomh Muire

Bronnadh Gradam Innealtóra Óig de chuid Chumann na n-Innealtóirí ar dhaltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Baile na gCailleach as an dtionscadal nuálach acu, ‘Lake Cleaner 10,000’ (Glantóir Locha). Chuir sé an-bhród ar eFlow urraíocht a dhéanamh ar gach duais a bronnadh ar na na foirne buacacha. Tá an comórtas, atá ina shéú bliain anois, ar siúl ar fud na tíre le haghaidh bunscoileanna, leis an aidhm aige daltaí rang a trí agus rang a ceathair agus a gcuid múinteoirí a spreagadh chun iniúchadh a dhéanamh ar an innealtóireacht. Tá sé de chúram orthu siúd ag glacadh páirte ann tionscadal innealtóireachta a chruthú a thugann aghaidh ar dhúshlán éigin leis an aidhm aige tionchar dearfach a imirt ar phobal na háite.
Cuimsíonn an fhoireann a bhuaigh duaiseanna, ar a dtugtar ‘The Famous Five’, Lyra Allen, Seán Murtagh, Annabelle Pawluk, Danny Bartley, agus Daniel Conaty. Sé ábhar an tionscadal buaiteach buaiteach acu ná an ‘Lake Cleaner 10,000’, arna dhearadh le haghaidh Loch Léine a ghlanadh tríd na halgaí agus an smionagar a bhaint de. Tá gléas imeasctha ann le scagaire agus le píopaí chun an dramhaíl a bhaint as an uisce, ag cuidiú le bithéagsúlacht agus le cáilíocht an uisce sa locha a chosaint. Thug na daltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Baile na gCailleach aghaidh ar dhianchomórtas le breis agus 10,500 dalta agus 710 tionscadal ag glacadh páirte ann.
Sa chomórtas seo, bronnadh sé dhuais, fach ceann acu arna urradh ag eFlow, do na buaiteoirí, dóibh siúd sa dara háit, agus dóibh ardmholadh ag dul dóibh. Fuair gach ball foirne trófaí, boinn agus teastas. Ina theannta sin, bronnadh cuairt ón taibheoir STEM ar na buaiteoirí le haghaidh seó ar a scoil. Fuair na hiomaitheoirí go léir bréagáin inbhuanaithe freisin.
Sa dara háit i gcomórtas na bliana seo bhí mic léinn ó Scoil Náisiúnta Páirc na dTor i nGaillimh, le gradaim Ardmholadh ag dul ar Scoil Náisiúnta Carn na Ros sa Mhí; ar Scoil Náisiúnta Shinsearach an Teaghlaigh Naofa i Sord, Contae Átha Cliath; Lárbhunscoil Ard Fhearta i gCiarraí;, agus ar Scoil Náisiúnta Le Chéile Chill Cholgáin i gContae na Gaillimhe.
Bhí an searmanas bronnta fíorúil ar siúl ar Chainéal YouTube de chuid Chumann na n-Innealtóirí Dé Máirt, an 21 Bealtaine 2024.
Dúirt Colin O’Toole, Stiúrthóir Oibríochtaí ag eFlow, “Cuireann sé an-áthas orainn tacaíocht a thabhairt do chlár STEPS de chuid Chumann na n-Innealtóirí agus d’oideachas an STEM a chur chun cinn. Baineann ríthábhachtach leis an chéad ghlúin eile a spreagadh inoas go ngclacfaidis páirt san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic chun an nuálaíocht agus an dul chun cinn a thiomáint inár bpobail.”
Dar le Róisín Barton-Murray, Bainisteoir Faisnéise Poiblí eFlow, “Tá an-áthas ar Bhonneagar Iompair Éireann tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na leanaí bunscoile agus iad ag aimsiú roghanna níos inbhuanaithe don todhchaí.”
I measc iad siúd a bhuaigh Gradam Innealtóirí Óga STEPS roimhe seo tá tionscadail a dhíríonn ar an inbhuanaitheacht agus an inrochtaineacht, mar shampla dróin a úsáid chun dul i ngleic le galar aischéimnithí fuinseoige, clóis súgartha á gcruthú le struchtúir inrochtana do chathaoireacha rothaí, agus carr faoi thiomáint ag fuinneamh gréine agus báistí á dhearadh chun na hastuithe CO2 a laghdú.
Ag labhairt dó ar bhua na mac léinn, dúirt Damien Owens, Ard-Stiúrthóir Chumann na n-Innealtóirí: “Léiríonn an éacht iontach seo flúirse dochreidte na nuálaíochta atá inár ndaoine óga. Spreagann agus ceiliúrann Gradam na nInnealtóirí Óga an nuálaíocht sin. Ní hamháin gur ceist Éireannach í cáilíocht an uisce, ach is ceist dhomhanda í chomh maith. Is mór an dúshlán é an dóthain soláthar inbhuanaithe an uisce a chinntiú le haghaidh úsáid óil agus tí, chun tacú le gnólachtaí, le haghaidh soláthar na n-áineas, agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint, ina mbeidh an tseiftiúlacht ag teastáil uainn chun aghaidh a thabhairt air. Gabhaim comhghairdeas leis na daltaí seo i Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Baile Na gCailleach, agus le gach éinne eile ar fud na tíre a chuir isteach ar an gcomórtas seo as a gcuid dhianoibre agus as an dúthracht acu ina leith.”